Tionólfar an 14ú Comhdháil Idirnáisiúnta sa Léann Ceilteach 1–5 Lúnasa 2011 in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad. Uair gach ceithre bliana a bhíonn an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar bun agus tá sí ar an tionól acadúil is mó dá bhfuil i saol an Léinn Cheiltigh. Tá Comhdháil na bliana 2011 á heagrú ag roinnt ollscoileanna agus institiúidí cultúrtha i gceantar Bhaile Átha Cliath faoi scáth Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Le linn na Comhdhála léifear páipéir ar gach gné de shaíocht agus de chultúr na gCeilteach ón tréimhse is luaithe anuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar na réimsí sin ar cuireadh spéis mhór iontu sna comhdhálacha a bhí ann go dtí seo tá: Teanga agus Litríocht (idir shean agus nua), Miotaseolaíocht, Seandálaíocht, Stair, Béaloideas, Ealaín agus Ceol. De bharr a leithne uileghabhálaí is atá réimse acadúil na Comhdhála beidh sí tarraingteach agus tábhachtach dóibh siúd atá ag saothrú i ngoirt eile ach a bhfuil spéis acu sa Léann Ceilteach.
Chomh maith le mórchuid imeachtaí acadúla, tá clár iomlán sóisialta á réiteach ag Coiste na Comhdála. Beidh turais, taispeántais, ceol agus siamsaíocht, agus imeachtaí nach iad á reáchtáil le linn na seachtaine, agus beidh roinnt taispeántas ann.
Tá ballraíocht na Comhdhála Idirnáisiúnta oscailte do dhaoine ar bith ar spéis leo gné ar bith den Léann Ceilteach. Cuirfear fáilte ar leith roimh scoláirí óga agus rompu siúd nár fhreastail ar an gComhdháil Idirnáisiúnta roimhe seo.
Tá dátaí tábhachtacha agus eolas faoi chlárú ar an suíomh seo maille le heolas faoi pháipéir a léamh. Cuirfear go rialta leis an suíomh idir seo agus am na Comhdhála. Gheobhaidh siad siúd a bhfuil spéis léirithe acu a bheith i láthair an nuacht agus na fógraí is deireanaí tríd an ríomhphost. Más mian leat a bheith ar an liosta seo ní gá ach teachtaireacht bhán ríomhphoist a sheoladh chuig: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Baile ollscoile é Maigh Nuad atá tuairim is 24 km siar ó Bhaile Átha Cliath. Tá an Ollscoil, a bunaíodh sa bhliain 1795, ar an dara hollscoil is sine in Éirinn agus tá go leor foirgneamh a bhaineann leis an tréimhse luath ar an gcampas. Tá seirbhísí rialta traenach agus bus idir Maigh Nuad agus Baile Átha Cliath agus tá an baile taobh leis an bpríomh-mhótarbhealach siar (N4).
Cuirfear lóistín ar fáil do mhuintir na Comhdhála ar champas na hollscoile agus moltar go láidir do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu a bheith ag i láthair clárú go luath. Beidh rátaí speisialta lóistín agus cláraithe dóibh siúd a thaipeoidh an deis seo.
Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat ag an gComhdháil.


















